Rugadh an tAthair Solanus ó Cathasaigh, Caipisíneach, i mí na Samhna 1870 ar fheirm i Winconsin. Thug a thuismitheoirí, imircigh as Éirinn, Bearnard mar ainm air. Ba é an séú páiste de chlann seisear déag-deichniúr buachaill agus seisear cailín. Ar fhágáil na feirme dó, d’oibrigh sé in áiteanna éagsúla ar fud Winconsin agus Minnesota mar choillteoir, mar phóirtéir ospidéil, mar stiúrthóir bus agus mar bhairdéir príosúin.

Nuair a bhí sé bliain is fiche d’aois, chuaigh Bearnard ina dhalta isteach i gCliarscoil Naomh Proinsias i Milwaukee chun ullmhú le bheith ina shagart deoise. Cúig bliana ina dhiaidh sin, chinn sé ar dhul isteach in Ord Rialta agus in 1897 chuaigh sé isteach san Ord Caipisíneach in Detroit agus tugadh Solanus mar ainm air.

Oirníodh ina shagart é in 1904 agus chaith sé fiche bliain ina dhiaidh sin i Nua-Eabhrac, Harlem agus Yonkers. In 1924 cuireadh chuig Mainistir Naomh Bonaventura in Detroit é mar ar chaith sé fiche bliain eile ag obair. Tháinig sé ar ais go Nua-Eabhrac ar feadh bliana in 1945 agus ina dhiaidh sin ar feadh deich mbliana  Huntington, Indiana. In 1956 cuireadh ar ais go Mainistir Naomh Bonaventura é.

Chaith an tAthair Solanus a shaol ag cuidiú le daoine. Ag doras na mainistreach bhíodh na mílte daoine de gach aois agus de gach aicme ag iarraidh sóláis agus comhairle uaidh agus is minic a dúradh gur tháinig grásta Dé chuig daoine trína urnaí. Thaispeánadh sé a ghrá do Dhia tríd an ngrá a bhíodh aige do dhaoine. Bhíodh sé i gcónaí réidh lá agus oíche le teacht i gcabhair ar dhaoine agus ní iarradh sé de chúiteamh uathu ach go dtabharfaidís grá agus cabhair do na misin.

Nuair a bhí sé ar leaba a bháis ar seisean: “Fulaingím na pianta seo le go mbeidh duine ar an domhan aontaithe faoi shéala Dé”. Díreach sula bhfuair sé bás, shuigh sé suas sa leaba agus dúirt de ghlór ard: “Tugaim m’anam d’Íosa Críost”. Fuair sé bás in Detroit in aois a 86 dó ar 31 Iúil 1957 agus tá sé curtha I Mainistir Naomh Bonaventura.

* * * * *

Má tá eolas pearsanta agat ar shaol an tAthar Solanus, bí i dteagmháil, le do thoil, le: Vice-Postulator, 1780, Mt. Elliott Avenue, Detroit, Michigan 48207. Teileafón (313)579-2100 Folíne.140.

* * * * *

Paidir ar son beannú Solanus Ó Cathasaigh cháidh.

A Dhia, tugaim adhradh duit. Tugaim mé féin duit. Go raibh mé mar ba mhian leatsa mé a bheith agus go ndéantar do thoil i mo shaolsa inniu.

Buíochas duit as na tíolachtaí a bhronn tú ar an Athair Solanus. Bronn air anois, más é do thoil é, cuid de do ghlóir ar talamh, ionas go spreagfar daoine eile chun leanstan den obair ghrámhar a dhéanadh sé ar an saol seo do na daoine bochta agus dóibh siúd a bhfuil uaigneas orthu nó atá ag fulaingt.

Ionas go dtiocfaidh daoine eile le háthas chugat agus go ngéillfidh siad do do thoil, iarraim go ceansa ort éisteacht leis an nguí seo ... trí Íosa Críost, ár dTiarna.

Aiméan.

Imprimatur: John Cairdinéal Dearden, Ardeaspag Detroit
Méan Fómhair 7, 1978.